Clare Fm - Podcasts

Ar An Lá Seo - 13-11-2024

Informações:

Sinopse

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 13ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1992 bhí Mary Robinson ar scairdeitleán agus bhí orthu stop a chur leis an tuirlingt I Marseilles. Bhí an scairdeitleán ar an mbealach ón Aifric go dtí Meiriceá agus níor dhúsaigh Mary Robinson suas I rith an eachtra. I 2003 bhí imreoir sacair Éireannach Paul McGrath I gcúirt. Cúisíodh é as an tsíocháin a bhriseadh. Gabhadh é taobh amuigh teach a chéad bhean chéile ach phléadáil sé neamhchiontach. I 1978 d'oinigh Donal E.J. MacNamara, lena thuismitheoirí ón Fhiacail agus Leath Inse, ón United Jewis Appeal de bharr gur thug sé comhairle do phóilíní agus phríosún in Iosrael. I 1992 bhris tine amach I bhfoirgneamh ar sráid Parnell in Inis de bharr tocht a chuaigh trí thine. Tháinig dhá inneall dóiteáin chun an foirgneamh agus mhúchadh an tine. Bhí a lán damáiste deatach sna foirgnimh timpeall air. Ní raibh an trácht ábalta bogadh ar feadh uair a chloig I rith an eachtra. Sin Boyz II Men le End of